An saol a bhíodh acu. Ní raibh mórán saibhris ann. Bhí siad beo ar an talamh. Bhí géanna, cearca, lachain agus turcaigh ag a mháthair. Dhíoladh sí uibheacha cearc leis an Chope agus bhí sí ábalta earraí a fháil ar a son. Bhíodh an talamh uilig oibrithe acu san am, bhí sé níos fusa a dhéanamh san am sin. Eadra leis an eallach, bhíodh duine ar fostú ag an teaghlach nuair bhí siadsan beag. Bhíodh siad féin ag buachailleacht fosta. Bhí gach duine costarnocht ach amháin sa gheimhreadh, bhíodh bróga orthu. Cheannaíodh péire amháin bróga don duine is sine ach athbhróga a bhíodh a chaitheamh ag an chuid eile acu. A chuimhní ar an am sin agus iad ag dul na phortaigh le bróga ina raibh poill, bhíodh a ladhracha scallta. | 00:09:10 | |